by Anonymous / Unidentified Author
Bhean na tTrí mBó
Language: Irish (Gaelic)
Go reidh, a bhean na tTrí mBó As to bhólacht ná bí teann Do chonairc meisi, gan gó, Bean is ba dá mhó a beann. Ní mhaireann saidhbhrios do ghnúith Do neach ná tabhair táir go mór Chúgath an téag ar gach taobh Go reidh, a bhean na tTrí mBó. Sliocht Eóghain mhóir sa Múmhain A nimtheacht do ní clú dóibh A seólta gur léigeadar síos Go reidh, a bhean na tTrí mBó. Clann ghaisce thighearna an Chláir A nimtheacht sin ba lá leóin Sgan súil re na tteacht go bráth, Go reidh, a bhean na tTrí mBó. Dómhnall ó Dún-buídhe na long O'Súilleabháin nár thím glór Féach gur thuit san Spáin re cloidheamh Go reidh, a bhean na tTrí mBó. O'Ruairc is Maguidhir do bhí Lá i n-Eirinn na lán beóil Féach féin gur imthig an dír, Go reidh, a bhean na tTrí mBó. Síol gCearbhuill do bhí teann Le mbeirthí gach geall ingleó Ní maireann aon díobh mo dhíth Go reidh, a bhean na tTrí mBó. O aon bhoin amháin do bhreis Ar mhnaoi eile is í a dó Do rinnisi iomorca aréir Go reidh, a bhean na tTrí mBó. Bíodh ar mfhallaing a ainnir as uaibhreach gnúis Do bhíos gan dearmad seasmhach buan sa tnúith Tríd an rachmus do ghlacais red bhuaibh ar túis Da bhfaghainnsi reilbh a ceathair do bhuailfinn tú.
Confirmed with The Irish Penny Journal, Dublin: printed and published by Gunn & Cameron, 1840. Saturday, August 29, 1840; Volume I, Number 9 in the article, "Ancient Irish Literature, Number I." Pages 68 - 69.
Authorship:
- by Anonymous / Unidentified Author, "Bhean na tTrí mBó" [author's text checked 1 time against a primary source]
Musical settings (art songs, Lieder, mélodies, (etc.), choral pieces, and other vocal works set to this text), listed by composer (not necessarily exhaustive):
- [ None yet in the database ]
Settings in other languages, adaptations, or excerpts:
- Also set in English, a translation by James Clarence Mangan (1803 - 1849) , "The Woman of Three Cows" ; composed by Alicia Adélaïda Needham.
Researcher for this page: Melanie Trumbull
This text was added to the website: 2017-05-17
Line count: 36
Word count: 225