by Anonymous / Unidentified Author
Truagh mo thuras ar Loch Dearg
Language: Irish (Gaelic)
Truagh mo thuras ar Loch Dearg a Rígh na gceall is na g-clog, Do caoineadh Do chneadh is Do chréacht, 's nach dtig déar tar mo rosc. Gan súile fhliuchadh a ruisg iar ndéanamh gach uilc dá mhéeid, le croidhe nach n-iarrann acht síth, mo thruagh, a Rí, cad do dhéan? Gan tuirse croidhe, gan mhaoith, gan doilgheas ag caoi mo locht; níor shaoil Pádraic, ceann na gcliar, go bhfaghadh sé Dia mar so. Aon-mhac Calphuirn ós dá luadh -- och, a Mhuire, is truagh mo chor! -- 's nach feacaidh an feadh do bhí beo gan lorg na ndeor ar a rosg. I gcaraidh chumhang cruaidh cloch, d'éis a ndearnas d'olc is d'uaill, och, is truagh nach faghaim deor, is mé adhlaicthe beo san uaigh. Gan éadach, ar bheagán bró, a cholann do-ni gach olc, go h-ifrionn má itá do thriall is beag liom do phian a-nocht. Biaidh gártha troma, Lá an Luain, againn, idir thuaith is chléir; an deor nach faghthar in am uirre thall ní bhíonn spéis. A Aoin-mhic lér cumadh cách, 's nár sheachain bás na dtrí ndealg, le croidhe nach cruaidhe cloch, is truagh mo thuras ar Loch Dearg.
Confirmed with Irisleabhar na Gaedhilge / The Gaelic Journal, ed. by fr. Eugene O'Growney, Dublin, The Gaelic Union, March, 1893, pp. 190 - 191 : volume IV, old no. 44.
Manuscript Source: National University of Ireland, Maynooth: Manuscript C88, page f24v.
Authorship:
- by Anonymous / Unidentified Author ( 13th century ) , "Truagh mo thuras ar Loch Dearg" [author's text checked 1 time against a primary source]
Musical settings (art songs, Lieder, mélodies, (etc.), choral pieces, and other vocal works set to this text), listed by composer (not necessarily exhaustive):
- [ None yet in the database ]
Settings in other languages, adaptations, or excerpts:
- Also set in English, a translation by Seán Proinsias Ó Faoláin, né John Francis Whelan (1900 - 1991) , appears in The Silver Branch, copyright © 1938 ; composed by Samuel Barber.
Other available translations, adaptations or excerpts, and transliterations (if applicable):
- ENG English (Douglas Hyde) , no title [an adaptation]
Researcher for this page: Melanie Trumbull
This text was added to the website: 2016-06-27
Line count: 32
Word count: 192