by Anonymous / Unidentified Author
Dónal Óg
Language: Irish (Gaelic)
A Dhónaill Óig, má théir thar fharraige Beir mé féin leat 's ná deán mo dhearmad Beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh Agus iníon Rí Gréige mar chéile leapa 'gat Má théir anonn tá comhartha agam ort: Tá cúl fionn is dhá shúil ghlasa agat, Dhá chocán déag i do chúl buí bachallach Mar bheadh béal na bó nó rós i ngarraithe. Is déanach aréir a labhair an gadhar ort, do labhair an naoscach sa churraichín doimhin ort: Tú id' chaonaí uaigneach ar fuaid na gcoillte, Is go rabhair gan chéile go héag go bhfaighir mé. Gheall tú dhomsa, is rinne tú bréag liom, Go mbeifeá romham ag cró na gcaorach; Lig mé fead agus dhá ghlao dhéag ort. 'S ní bhfuair mé romham ach na huain ag méiligh. Gheall tú dhomsa ní ba dheacair dhuit, Loingeas óir faoi chrann seóil airgid, Dhá cheann déag de bhailte margaidh. 'S cúirt bhreá aolta cois taobh na farraige. Gheall tú dhomsa ní nár bh'féidir, Go dtabharfá laimhinní de chraiceann éisg dom Go dtabharfá brógaí de chraiceann éan dom Agus culaith don tsíoda ba dhaoire i nÉirinn.
Authorship:
- by Anonymous / Unidentified Author ( 18th century ) , "Dónal Óg" [author's text checked 1 time against a primary source]
Musical settings (art songs, Lieder, mélodies, (etc.), choral pieces, and other vocal works set to this text), listed by composer (not necessarily exhaustive):
- [ None yet in the database ]
Settings in other languages, adaptations, or excerpts:
- Also set in English, a translation by Isabella Augusta, Lady Gregory, née Isabella Augusta Persse (1852 - 1932) , appears in The Kiltartan Poetry Book, first published 1919 [an adaptation] ; composed by Libby Larsen.
Researcher for this text: Emily Ezust [Administrator]
This text was added to the website: 2011-10-22
Line count: 24
Word count: 185