Singable translation by Osborn Joseph Bergin (1873 - 1950)
Maidin i mBéarra
Language: Irish (Gaelic)
Is é mo chaí gan mise maidin aerach, Amuigh i mBéarra i mo sheasamh ar an dtrá, Is guth na n-éan 'o m' tharraing thar na sléibhte cois na farraige, Go Céim an Aitinn mar a mbíonn mo ghrá. Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn, Do rithfinn saor ó anabhroid an tláis, Do thabharfainn droim le scamallaibh an tsaoil seo, Dá bhfaighinn mé léirdhóthain d'amharc ar mo chaoimshearc bán. Is é mo dhíth bheith ceangailte go faonlag, Is neart mo chléibh dá thachtadh 'nseo sa tsráid, An fhad tá réim na habhann agus gaoth ghlan na farraige Ag glaoch is gairm ar an gcroí seo i m' lár. Is milis bríomhar leathanbhog an t-aer ann, Is gile ón ngréin go fairsing ar an mbán, Is ochón, a ríbhean bhanúil na gcraobhfholt, Gan sinne araon i measc an aitinn mar do bhímis tráth!
See also Danny Boy, which can, like this poem, be sung to the Londonderry Air.
Authorship:
- Singable translation by Osborn Joseph Bergin (1873 - 1950), "Maidin i mBéarra" [author's text checked 1 time against a primary source]
Musical settings (art songs, Lieder, mélodies, (etc.), choral pieces, and other vocal works set to this text), listed by composer (not necessarily exhaustive):
- [ None yet in the database ]
Researcher for this page: Gabriel Rosenstock
This text was added to the website: 2014-12-30
Line count: 16
Word count: 142