Condae Mhaigh Eo
Language: Irish (Gaelic)
Ar an loing seo, a Phaidí Uí Loinsigh, is ea a bhímse ag déanamh bróin, Ag osnaíl ins an oíche is ag síorghol sa ló, Ach anois ó dalladh m’intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir, Dar m’fhocal, is maith a chaoinfinnse Condae Maigh Eo. Liostáil mé le sairsint ag dul sráid an bhaile mhóir, Mar cheap mé go mba bhreá an rud dom é nuair a bhí mé bocht óg, Ó, thug sé gloine is cárta dom agus claimhe le mé a ghardáil, Is dúirt sé go mb’fhearr dom é ná in Éirinn go fóill. Is murach bás mo mháthar nach mbeinnse maith go leor, Bheadh buidéal ins gach lámh liom, is mé i gcomhluadar ban óg, Ach murach síor-ól na gcártaí, is an dlí a bheith róláidir, Ní i Santa Cruz a d’fhágfaí mo chnámha faoin bhfód. Tá Cnoc na Ceathrún Caoile siamsúil go leor, Tá coiligh is cearca fraoigh ann, is iad go síoraí ag seinm ceoil, Tá sméara dubha ar chraobha agus úlla boga buí ann, Tá géimneach bó is lao ann le teacht do fhéile Muire Mór. Tá punt is fiche amuigh orm i gCondae Mhaigh Eo, Is ní rachaidh mé dá íoc leo choíche ná go deo, Ar fhaitíos go mbéarfaí thiar orm is go dtógfaí i ngeall ar fhiacha mé, Is go bhfáiscfí boltaí iarainn orm go hiallacha mo bhróg. Go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór, Go dtaga an toimín luachrainn ag buachailleacht na mbó, Go n-osclaítear na coraí atá ar mhullach Bheanna Beola, Ach ní scarfaidh mo chumha go deo leat, a Chondae Mhaigh Eo. Is a chomrádaí na dílse, tá mé cloíte go mór, Dá bhféadfainn is duitse a d’inseoinn dhá thrian de mo bhrón, Ach ós tusa is túisce a chífeas a maireann de mo mhuintir, Ó, tabhair mo bheannacht siar leat go Contae Mhaigh Eo.
Note: sometimes this poem is erroneously attributed to "Thomas Lavelle".
Text Authorship:
- by Thomas Flavelle , "Condae Mhaigh Eo" [author's text checked 1 time against a primary source]
Musical settings (art songs, Lieder, mélodies, (etc.), choral pieces, and other vocal works set to this text), listed by composer (not necessarily exhaustive):
- [ None yet in the database ]
Settings in other languages, adaptations, or excerpts:
- Also set in English, a translation by Samuel Ferguson, Sir (1810 - 1886) , "The County of Mayo" [an adaptation] and by George Fox (1809 - 1880) , "The County of Mayo" [an adaptation] ; composed by Ivor Gurney.
Researcher for this text: Emily Ezust [Administrator]
This text was added to the website: 2022-01-18
Line count: 28
Word count: 311